Ó Pheann an Phiarsaigh
Eagrán nua de shaothar cáiliúil a bhí i mórán gach mála scoile i gConamara agus in Éirinn fré chéile lá den tsaol. Chomh maith le roinnt...
Also Available in:
- Amazon
- Audible
- Barnes & Noble
- AbeBooks
- Kobo
More Details
Eagrán nua de shaothar cáiliúil a bhí i mórán gach mála scoile i gConamara agus in Éirinn fré chéile lá den tsaol. Chomh maith le roinnt scríbhinní leis an bPiarsach ó An Claidheamh Soluis, tá na gearrscéalta is mó a bhfuil aithne agus gean ag muintir na hÉireann orthu: "Bríd na nAmhrán", "Íosagán" agus, ar ndóigh, "Eoghainín na nÉan", a bhainfeadh deoir as cloch ghlas.
I mBaile Átha Cliath a rugadh Pádraic Mac Piarais in 1879. Thosaigh sé ag cur suime sa Ghaeilge óna óige agus ghlac páirt ghníomhach i gConradh na Gaeilge ó 1896 i leith. Ceapadh ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis é i 1903 agus thosaigh sé ag tabhairt faoin litríocht chruthaitheach ó 1905 ar aghaidh: aistí, dramaí, gearrscéalta, filíocht. Bhí sé thar a bheith míshásta le cúrsaí oideachais in Éirinn agus chuige seo bhunaigh sé Scoil Éanna i 1908; ainneoin deacrachtaí airgid d'éirigh leis an scoil. Bhí sé in Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh iad i 1913 agus tugadh isteach san IRB é an bhliain chéanna. Nuair a tharla an t-éirí amach faoi Cháisc na bliana 1916 ba é a cuireadh i gceannas. Cuireadh Pádraic Mac Piarais chun báis ar 3 Bealtaine 1916.
- Format:Paperback
- Pages:110 pages
- Publication:2016
- Publisher:Cló Iar-Chonnacht
- Edition:
- Language:gle
- ISBN10:1784441384
- ISBN13:9781784441388
- kindle Asin:1784441384









